Press Release

Fógraíodh Cistiú de €230,000 d'Athshlánú na Stoc Bradán Atlantaigh Fiáin agus Breac Geal

Fógraíodh Cistiú de €230,000 d'Athshlánú na Stoc Bradán Atlantaigh Fiáin agus Breac Geal


D'fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Joe McHugh T.D., inniu (31.07.14) go bhfuil cistiú €230,000 ar fáil d'athshlánú na stoc bradán Atlantaigh fiáin agus breac geal faoin gCiste Caomhnaithe Bradán atá faoi bhainistiú ag Iascach Intíre Éireann (IIÉ).


Ceadaíodh 24 tionscadal faoin gCiste i mbliana agus bhí clubanna slatiascaireachta, úinéirí iascach príobháideach, bruachúinéirí agus eagraíochtaí turasóireachta ar an lucht a bhain tairbhe as. Déanfar na cistí a leithdháileadh ar fud na tíre agus cuirfidh na tairbhithe is mó tionscadail ar bun ar na haibhneacha agus fo-aibhneacha seo a leanas - Abhainn Chaisleán Dhún Dealgan, Abhainn Átha Féan, An Níth, An Bhóinn, An Níth, Abhainn Fheartraí, An Fheoir, An tSiúir, An Dubhabhainn i gCorcaigh, An tSionainn Íochtarach, Abhainn na Daraí Duibhe, Abhainn Ghlinne agus An Chrannach.


Bhí an ciste oscailte do rannpháirtithe sa scéim chun oibreacha a chur ar bun ar nós: bealaí éisc a fheabhsú; láithreacha sceathraí a fheabhsú; struchtúir insrutha (ar nós deisiúcháin ar chora agus sraonairí, bolláin agus mataí spallaí a chur isteach); cosaint na mbruach abhann; fál a thógáil chun beostoc a choinneáil amach; prúnáil crann agus speicis ionracha a bhaint agus a smachtú.


Cabhróidh na hoibreacha seo le hathnuachan na stoc bradán Atlantaigh fiáin agus breac geal d'fhonn tuilleadh aibhneacha a oscailt sna blianta amach romhainn chun gníomhaíochtaí slatiascaireachta agus iascaireachta tráchtála a éascú. Is tionscnamh tábhachtach iad na hoibreacha seo lenár n-acmhainní nádúrtha luachmhara a chaomhnú, a chosaint agus a bhainistiú.


Dúirt an tAire McHugh: "Is ciste bliantúil é an Ciste Caomhnaithe Bradán do rannpháirtithe sa scéim agus molaim dóibh siúd uilig a bhfuil suim acu i gcur chun cinn iascaigh bradán Atlantaigh fiáin agus breac geal na tíre breathnú ar thionscadail a bheidh fóirsteanach do chiste 2015 agus ina dhiaidh."


Tá sonraí uile an Chiste Caomhnaithe Bradán le fáil ar shuíomh idirlín Iascach Intíre Éireann ag: http://www.fisheriesireland.ie/Salmon-Management/salmon-conservation-fund.html.
CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Suzanne Campion, IFI, Tel: 052 6180055 / 0872690183 /Sarah Harte, DHR Communications, Tel: 01-4200580 / 087-9858259

Nóta do na hEagarthóirí

Is comhlacht reachtúil é Iascach Intíre Éireann (IIÉ) a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (RCFAN) agus bunaíodh é ar an 1 Iúil 2010 faoin Acht um Iascach Intíre, 2010. Is é príomhfheidhm IIÉ ná acmhainn na n-iascach intíre a chosaint agus a chaomhnú. Déanfaidh IIÉ caomhnú, cosaint, bainistiú, margaíocht, forbairt agus feabhsú na n-iascach intíre, lena n-áirítear an tslatiascaireacht farraige, a chur chun cinn agus a éascú, tacú leo agus comhairle a thabhairt don Aire ina leith, chomh maith le comhairle a thabhairt don Aire i leith beartas agus straitéisí náisiúnta i ndáil le hiascaigh intíre agus slatiascaireacht farraige.