Press Release

*Eisiúint na Meán* Iascach Intíre Éireann ag iascaireacht d'fhilí óga sa chomórtas náisiúnta filíochta

Eisiúint na Meán

Iascach Intíre Éireann ag iascaireacht d'fhilí óga sa chomórtas náisiúnta filíochta

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá IFI ag lorg dánta i nGaeilge

Déardaoin, 4ú Márta 2021: Tá Iascach Intíre Éireann agus Ionad Oideachais na Carraige Duibhe ag reáchtáil comórtas náisiúnta filíochta 'Something Fishy' atá dírithe ar dhaltaí bunscoile rang 5 agus 6 in Éirinn. Is deis é do dhaltaí a bheith cruthaitheach sa bhaile agus foghlaim faoi iasc. Is í seo an dara bliain a reáchtáladh an comórtas mar bhealach spraíúil do dhaltaí chun níos mó a fhoghlaim faoi éisc agus faoina dtimpeallacht agus, ag an am céanna, tá seans acu roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan.

Don chomórtas tá dán acrastaic le scríobh; ina litríonn an chéad litir de gach líne focal amach. Tá gach dalta chun an focal 'SRUTH' a litriú chun a dhán acrastaic féin a scríobh. Spreagtar na daltaí freisin chun a gcuid dánta a léiriú lena saothar ealaíne féin. Ní cheadaítear ach iontráil amháin in aghaidh an scoláire agus is obair bhunaidh atá ann. Is é Dé hAoine, 28 ú Bealtaine 2021 an spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Iarrtar ar Thuismitheoirí/Chaomhnóirí ríomhphost a sheoladh chuig outreach@fisheriesireland.ie le ainm an dalta, rang (5 ú nó 6ú) agus ainm agus seoladh na scoile. Roinnfear na hiontrálacha i dtrí chatagóir: 5 ú rang í gcatagóir amháin, 6 ú rang í gcatagóir eile agus tá catagóir ann freisin d'iontrálacha i nGaeilge. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na dánta mhaisithe.

Image removed.

Dúirt Suzanne Campion, Ceannasaí Forbartha Gnó in Iascach Intíre Éireann: 'Tá ríméad orainn an comórtas seo a sheoladh don dara bliain as a chéile agus táimid ag súil go mór leis na saothair a chruthaíonn na filí óga a fheiceáil. Tá go leor acmhainní spraíúla agus idirghníomhacha le fáil ar www.somethingfishy.ie, chun cabhrú le na filí a spreagadh.'

Dúirt Susan Gibney, Stiúrthóir Ionad Oideachais na Carraige Duibhe: 'Táimid ag súil le bheith páirteach sa dara bliain den chomórtas seo. Is bealach iontach é an comórtas filíochta chun daltaí a spreagadh chun tabhairt faoin bhfoghlaim ar bhealach nuá. Mar ionad oideachais is iontach an rud é a bheith páirteach í bealaí nua chun daltaí a spreagadh san fhoghlaim go háirithe le linn na tréimhse reatha seo.'

Fógrófar buaiteoirí ar an 18 ú Meitheamh 2021 agus is iad seo a leanas na duaiseanna:

Trí Chatagóir- 5ú Rang, 6ú rang agus catagóir Gaeilge

1ú duais- Trealamh iascaireachta (ar luach €100)

2ú duais- Trealamh turas allamuigh (ar luach €50)

3 ú duais- Mála Féiríní (ar luach €30)

Beidh triúr buaiteoirí ar leith ag gach catagóir a gheobhaidh na duaiseanna thuas.

Le haghaidh aon cheisteanna, seol ríomhphost chuig outreach@fisheriesireland.ie.

ENDS

For media information:

Sadhbh O’Neill

Communications Assistant

Inland Fisheries Ireland

E: sadhbh.oneill@fisheriesireland.ie  

T: 01 8842632/ 087 101 9998

About Inland Fisheries Ireland

Inland Fisheries Ireland is a statutory body operating under the aegis of the Department of Environment, Climate and Communication (DECC) and was established under the Fisheries Act on 1st July 2010. Its principal function is the protection and conservation of the inland fisheries resource. Inland Fisheries Ireland promotes supports, facilitates and advises the Minister on the conservation, protection, management, development and improvement of inland fisheries, including sea angling. Inland Fisheries Ireland also develops policy and national strategies relating to inland fisheries and sea angling and advises the Minister on same.