An Plean Bainistíochta Fadtéarmach do Lochanna Móra an Iarthair

Measúnacht Chuí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta

Public Consultation
Monday, 19/06/2023 - 9:00am

This public consultation opens on Monday, 19/06/2023 at 9:00am and closes on Monday, 31/07/2023 at 5:00pm

Is iad Loch Coirib, Loch Measca, Loch Ceara, Loch Conn, Loch Cuilinn, Loch Arbhach agus Loch Síleann na héiceachórais fionnuisce is uathúla agus is luachmhaire in Éirinn agus is iontu atá an t-iascach breac donn fiáin is fearr san Eoraip. Is fearr aithne orthu, le chéile, mar Lochanna Móra an Iarthair. Tá na lochanna sin lonnaithe i gContaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Shligigh, Ros Comáin, an Chabháin, na Mí agus na hIarmhí. Tá plean bainistíochta fadtéarmach forbartha ag Iascach Intíre Éireann (IFI) maidir leis na lochanna sin chun aghaidh a thabhairt ar roinnt mhaith de na tosca a bhfuil tionchar acu ar fholláine éiceolaíoch stoic éisc dúchasach agus ar a ngnáthóga. Féach Ceisteanna Coitianta faoi Phlean Lochanna an Iarthair maidir leis an bplean.

In 2022, thionóil Iascach Intíre Éireann comhairliúchán poiblí ar an gCéad Dréacht den Phlean. Reáchtáladh sraith d'oícheanta oscailte ag 6 ionad i Sligeach, i Maigh Eo, i nGaillimh agus sa Chabhán chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara bualadh le baill foirne áitiúla chun tuilleadh eolais a fháil faoin bplean.  D'óstáil an lucht ardbhainistíochta in IFI seimineár gréasáin ar líne freisin chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara ar bith ceisteanna a chur nó fiosrúcháin a dhéanamh chun cabhrú leo bonn eolais a fháil chun aighneacht a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, rinne Iascach Intíre Éireann scagadh ar an bplean le haghaidh Measúnacht Chuí in 2022 agus mheas siad an Raon Feidhme don Mheasúnú Straitéiseach Timpeallachta.  

Tar éis an próiseas Comhairliúcháin Phoiblí a chríochnú, rinne Iascach Intíre Éireann athbhreithniú ar an aiseolas a chuir comhairleoirí reachtúla, an Pobal agus Páirtithe Leasmhara eile ar fáil. Rinneadh athbhreithniú ar an bplean ansin chun an t-aiseolas a chur san áireamh nuair ba chuí. Rinneadh measúnuithe comhshaoil ar an bPlean athbhreithnithe ansin. Cuimsíodh leo sin Ráiteas Tionchair Natura iomlán agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta - Tuarascáil Comhshaoil.  

De réir na Rialachán Comhshaoil, is mian le hIascach Intíre Éireann comhairliúcháin phoiblí a thionól faoin Ráiteas Tionchair Natura agus faoin Tuarascáil Comhshaoil ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta don Phlean Bainistíochta Fadtéarmach do Lochanna Móra an Iarthair. Cuideoidh an Comhairliúchán Poiblí le hIascach Intíre Éireann bonn eolais a fháil dá gcinneadh maidir le glacadh leis an bPlean nó gan glacadh leis. Chuirfimis fáilte roimh aiseolas ar an bplean athbhreithnithe chomh maith.

Is féidir na doiciméid atá faoi réir comhairliúcháin a íoslódáil ag na naisc thíos.  

English Long Term Management Plan for the Great Western Lakes
(3.01 MB)
Irish Long Term Management Plan for the Great Western Lakes
(1.92 MB)
Long Term Management Plan for the Great Western Lakes Natura Impact Statement
(6.02 MB)
Long Term Management Plan for the Great Western Lakes Strategic Environmental Assessment Environmental Report
(4.25 MB)
Long Term Management Plan for the Great Western Lakes Strategic Environmental Assessment Environmental Report Non-Technical Summary
(446.46 KB)
Long Term Management Plan for the Great Western Lakes AA Determination
(60.4 KB)

Is féidir cóipeanna fisiciúla de na doiciméid a fheiceáil inár nOifigí i nGaillimh, i Luimneach agus i mBéal an Átha le linn uaireanta oifige. Is féidir sonraí faoi shuíomhanna na hoifige a fháil ach dul i dteagmháil linn:

Is féidir cóipeanna fisiciúla de na doiciméid a fheiceáil ach coinne a dhéanamh in Oifig IFI ag Loch Síleann. Is féidir coinne a dhéanamh ach dul i dteagmháil le hOifig Ceantair Abhantraí na Sionainne i Luimneach.   

Is féidir cóipeanna de na doiciméid a cheannach ar tháille €50 in aghaidh an doiciméid. Is féidir cóipeanna fisiciúla a iarraidh in Oifigí na Gaillimhe, Luimnigh agus Bhéal an Átha.    

Is féidir le daoine den phobal aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an bPlean, an Ráiteas Tionchair Natura agus/nó an Tuarascáil Comhshaoil ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta tríd an bpost nó ar ríomhphost. Is é an seoladh ar chóir aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh chuige ná Comhairliúchán maidir leis an bPlean Bainistíochta do Lochanna Móra an Iarthair (WLMP):

Ríomhphost:  westernlakesplan@fisheriesireland.ie .

Tríd an bpost:

Iascach Intíre Éireann

3044 Céide an Locha

Campas Gnó Iarthar na Cathrach

Baile Átha Cliath D24 CK66.

Ba cheart a lua go soiléir san aighneacht cé acu a bhaineann sí leis an bPlean, leis an Ráiteas Tionchair Natura agus/nó leis an Tuarascáil Comhshaoil ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Ní bhreithneofar aighneachtaí a gheofar i ndiaidh an dáta deiridh.

Tabhair do d’aire:

• Cuirfear gach duine a ghlacfaidh páirt i gcomhairliúchán IFI ar an eolas faoin doiciméad deiridh a thiocfaidh ón bpróiseas comhairliúcháin.

• Foilseofar ainm freagróirí agus a n-aighneachtaí ar láithreán gréasáin IFI ag deireadh an phróisis chomhairliúcháin (i.e. an tráth a fhoilseofar an doiciméad a eascróidh as an gcomhairliúchán). Maidir le haon fhaisnéis bhreise a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (‘Sonraí pearsanta’ mar a shainmhínítear iad in alt 4 den RGCS), déanfar an fhaisnéis sin a bhaint amach sula bhfoilseofar na sonraí ar láithreán gréasáin IFI.

• Tá Iascach Intíre Éireann faoi réir na bhforálacha san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus, mar sin, ní mór dó aon achainí a dhéantar de réir an Achta sin a mheas. Má mheasann tú go mbeadh aon chuid de d’aighneacht faoi réir aon cheann de na heisiaimh reachtúla faoin Acht, iarrtar ort an méid sin a chur in iúl san aighneacht agus an díolúine a shonrú faoinar chóir an t-ábhar a eisiamh dar leat.

• An fhaisnéis phearsanta uile a bhféadfaidh Iascach Intíre Éireann (IFI) úsáid a bhaint aisti, déantar í a bhailiú, a phróiseáil agus a choinneáil i gcomhréir leis na forálacha i Rialachán 2016/679 ón Aontas Eorpach, is é sin An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus sna hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018.

Léigh ár bhfógra príobháideachais maidir leis an bPlean Bainistíochta do Lochanna Móra an Iarthair anseo.