Séasúr Iascaireachta Tráchtála Lín Tarraingthe Bradán Inbhear Luacharois (Abhainn Fhia/Abhainn tSocair), 2024

Public Consultation
Thursday, 08/02/2024 - 9:00am

This public consultation opens on Thursday, 08/02/2024 at 9:00am and closes on Thursday, 29/02/2024 at 5:00pm

Tá aighneachtaí á lorg ag Iascach Intíre Éireann maidir le togra le srian a chur leis an séasúr iascaireachta tráchtála lín tarraingthe bradán ar Inbhear Luacharois, Co. Dhún na nGall in 2024 le nach gceadófaí iascaireacht ach idir an 1 Iúil agus an 21 Iúil amháin.

Léiriú iad na hathruithe atá beartaithe ar cé chomh teoranta is atá an cuóta foriomlán bradán don bhliain 2024 agus ar líon na líonta tarraingthe tráchtála atá ar fáil. Is é 304 bradán an barrachas foriomlán atá curtha in iúl don bhliain 2024, líon a bheidh le roinnt idir an earnáil iascaireachta tráchtála lín tarraingthe agus an earnáil slatiascaireachta áineasa.

Is gnách go n-osclaítear an séasúr iascaireachta tráchtála lín tarraingthe ar an 12 Bealtaine agus go ndúntar ar an 31 Iúil é.

Tá cóip den dréacht-fhodhlí atá beartaithe ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal in oifigí Iascach Intíre Éireann – Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall – agus  thíos

draft salmon and sea trout draft nets and snap nets bye law no. xxx of 2024 owenea owentocker
(261.69 KB)

Is féidir le haon duine ar mian leis tuairimí a thabhairt faoin rialachán beartaithe aighneachtaí a dhéanamh roimh 5 i.n., dé Déardaoin, an 29 Feabhra tríd an ríomhphost chuig ballyshannon@fisheriesireland.ie nó tríd an bpost chuig an seoladh thíos:-

Comhairliúchán Poiblí maidir le Séasúr Iascaireachta Tráchtála Lín Tarraingthe Bradán Inbhear Luacharois, 2024, Iascach Intíre Éireann, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall, F94 WV76

Latest Consultations