Ceantar na Gaillimhe — Gabháil Cheadaithe Laethúil an Bhric Dhoinn

Abhainn an Chláir, Abhainn na hAbarta, Abhainn Dealgan, Abhainn na Gráinsí, agus ar an Slogaire 

Public Consultation
Tuesday, 15/08/2023 - 9:00am

This public consultation opens on Tuesday, 15/08/2023 at 9:00am and closes on Thursday, 14/09/2023 at 6:00pm

Tá Iascach Intíre Éireann ag lorg aighneachtaí maidir le togra chun an ghabháil cheadaithe laethúil de cheithre bhreac dhonna a laghdú go dhá bhreac dhonna ar Abhainn an Chláir, Abhainn na hAbarta, Abhainn Dealgan, Abhainn na Gráinsí, agus ar an Slogaire. Leagtar síos an ghabháil cheadaithe reatha de cheithre bhreac dhonna sa lá san Fhodhlí um Chaomhnú an Bhric (Ceantar Iascaigh an Iarthair) Uimh. 840, 2008 https://www.gov.ie/en/publication/17e7d-inland-fisheries-bye-laws-2008/

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfodhlí atá ann faoi láthair, tá sé i gceist ag Iascach Intíre Éireann fodhlí nua ar leith a chur i bhfeidhm maidir leis na haibhneacha thuas. Tá cóipeanna den fhodhlí atá i bhfeidhm cheana agus den fhodhlí atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal sna hoifigí de chuid Iascach Intíre Éireann i nGaillimh.

Ba cheart ‘Comhairliúchán Poiblí — Gabháil Cheadaithe Laethúil an Bhric Dhoinn ar Abhainn an Chláir” a lua ar na haighneachtaí agus iad a chur isteach tríd an bpost chuig:

An Stiúrthóir,

Iascach Intíre Éireann,

Teach Breac,

Oileán an Iarla,

Gaillimh, H91 E2A2

Nó mar mhalairt air sin, tríd an ríomhphost chuig: galway@fisheriesireland.ie

Beidh an Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí ar siúl go ceann thart ar 4 seachtaine agus is é 5 i.n., Déardaoin, an 14 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí. Ní mór do na haighneachtaí a bheith faighte faoin am agus faoin dáta sin agus  ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.