Athbhreithniú ar Fho-Dhlíthe lena n-áirítear an Iasc Garbh, Aistriú Róiste Beo, Caomhnú Liúisc

Public Consultation
Monday, 22/09/2025 - 2:00am

This public consultation opens on Monday, 22/09/2025 at 2:00am and closes on Sunday, 02/11/2025 at 6:00pm

Is é is príomhfheidhm d'Iascach Intíre Éireann (IIÉ) iascaigh intíre agus acmhainní slatiascaireachta mara in Éirinn a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú.  

De bhun na dtorthaí ó na haighneachtaí a fuarthas mar fhreagra ar an gComhairliúchán Poiblí faoin Dréachtphlean don Bhainistíocht Fhadtéarmach ar Lochanna Móra an Iarthair (sonraí le fáil ar an nasc gréasáin seo a leanas https://www.fisheriesireland.ie/news/public-consultations/western-lakes-plan) agus mar gheall ar cheanglas atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar aon fhodhlíthe atá níos mó ná 10 mbliana d'aois, tá sé beartaithe ag Iascach Intíre Éireann athbhreithniú a dhéanamh ar na 3 fhodhlí seo a leanas:

Naisc le fo-dhlíthe reatha atá faoi chomhairliúchán:

  1. Fodhlí Uimh. 806, 2006, Caomhnú na nIasc Garbh agus Cosc ar a nDíol
  2. Fodhlí Uimh. 561, 1973, Aistriú Róiste Bheo
  3. Fodhlí Uimh. 809, 2006, Caomhnú na Liús

Tá sé i gceist ag IIÉ go mbeidh an t-athbhreithniú seo chomh hoscailte trédhearcach agus is féidir agus, leis sin a bhaint amach, aighneachtaí a iarraidh ar pháirtithe leasmhara.  Beifear in ann na torthaí ó na hathbhreithnithe seo a úsáid mar bhunús le céimeanna eile de chomhairliúchán poiblí ag baint le leasuithe reachtacha a d'fhéadfadh a bheith ann ansin.  

Cén chaoi a bheith páirteach

Is féidir le páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh tríd an tairseach ar líne mar atá leagtha amach sa chéad rannóg eile.  Agus athbhreithniú á dhéanamh ar na 3 fhodhlí seo, ní chuirfear san áireamh ach aighneachtaí bailí a gheofar tríd an tairseach ar líne.  Tá ceist nó ceisteanna ag baint le gach fodhlí. Más mian leat aighneacht a dhéanamh, ba chóir ceann de na fodhlíthe, nó iad ar fad, a roghnú agus tuairimí agus/nó moltaí a thabhairt leis na fodhlíthe a threorú don am atá le teacht.

Cuirfear tús leis an bpróiseas athbhreithnithe seo ar an 22 Meán Fómhair 2025, mairfidh sé 6 seachtaine agus cuirfear deireadh leis ar an 2 Samhain ar 6:00pm
Roghnaigh fodhlí 1, 2 nó 3 (nó na 3 cinn acu) sula dtéann tú ar aghaidh chuig na ceisteanna.

Déan aighneacht ar fho-dhlí thíos:

  1. Fodhlí Uimh. 806, 2006, Caomhnú na nIasc Garbh agus Cosc ar a nDíol
     
  2. Fodhlí Uimh. 561, 1973, Aistriú Róiste Bheo
     
  3. Fodhlí Uimh. 809, 2006, Caomhnú na Liús

Déanfaidh Iascach Intíre Éireann gach aighneacht a gheofar a mheas.   An t-eolas a gheofar ó na haighneachtaí seo, beifear in ann é a úsáid mar bhonn eolais agus mar threoir don fhorbairt ar an athbhreithniú reachtach cuí.   Déanfar gach aighneacht bhailí a gheofar (seachas ceangaltáin) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin IIÉ.  Má fhaightear ceangaltáin mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo, déanfaidh IIÉ iad a mheas ach ní fhoilseofar ar shuíomh gréasáin IIÉ iad.   Ní ghlacfar le haighneachtaí mura mbíonn ainm ag gabháil leo nó i gcásanna nach mbíonn ainm teagmhála, seoladh, Éirchód agus seoladh ríomhphoist nó uimhir fóin ann.   Déanfar aon fhaisnéis phearsanta agus faisnéis ar a bhféadfaí duine a aithint a fholú sula ndéanfar an t-ábhar a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin.   

Tá aon aighneachtaí agus tuairimí a chuirtear faoi bhráid IIÉ faoi réir a scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, agus faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2018.

Níor chóir aon fhaisnéis phearsanta, rúnda ná íogair ó thaobh tráchtála de a chur isteach i gcorp an téacs san aighneacht.

Tá na haighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí chomh maith. Is féidir breathnú anseo thíos ar Ráiteas Príobháideachta IIÉ agus ar an bhFógra Príobháideachta a bhaineann leis an gComhairliúchán Poiblí seo.

IFI External Privacy Notice
(412.45 KB)

IFI Privacy Policy

Latest Consultations