Ráiteas Straitéise Iascach Intíre Éireann 2026-2030

Aighneachtaí chuig próiseas Ráiteas Straitéise Iascach Intíre Éireann, 2026-2030 

Tugtar cuireadh do chomhpháirtithe agus do gheallsealbhóirí IIÉ a bhfuil ardmheas againn orthu páirt a ghlacadh i bhforbairt ár bPlean Straitéisigh nua le haghaidh 2026 – 2030. 

Public Consultation
Friday, 05/09/2025 - 2:00pm

This public consultation opens on Friday, 05/09/2025 at 2:00pm and closes on Friday, 17/10/2025 at 11:59pm

Is é Iascach Intíre Éireann (IIÉ) an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as iascaigh intíre agus acmhainní slatiascaireachta mara na hÉireann a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú.  Agus muid ag féachaint chun cinn ar ár bplean nua, is mian linn an deis seo a thapú chun treo a leagan amach don chaoi a leanfaidh IIÉ ar aghaidh ag baint leas as acmhainní iascaigh intíre agus slatiascaireachta mara na hÉireann ar an mbealach is inbhuanaithe agus is féidir chun leasa na nglúnta atá le teacht. 
 
Agus éifeachtaí dochracha ón athrú aeráide ag tarlú in Éirinn mar atá sa chuid eile den domhan, tá ár gcuid oibre níos tábhachtaí ná riamh. 
 
Ag IIÉ, aithnímid go bhfuil léargais agus dearcthaí ár bpáirtithe leasmhara ríthábhachtach chun straitéis a cheapadh a bheidh – ní hamháin nuálach agus réamhbhreathnaitheach – ach bunaithe freisin ar réaltachtaí na timpeallachta ina n-oibrímid. Chuirfeadh do thaithí, d'eolas agus do dhearcadh uathúil go mór leis an bpróiseas seo.  
 
Táimid ag lorg d'ionchur i roinnt réimsí tábhachtacha: 
 

  1. Tabhair do dhearcadh ar an bhFís, an Misean agus na Luachanna atá beartaithe do IIÉ sna 5 bliana amach romhainn.
  2. An bhfuil na 4 Thosaíocht Straitéiseacha agus na Tionscnaimh agus Torthaí gaolmhara iomchuí?
  3. An bhfuil na 4 Chumasóir Straitéiseacha atá beartaithe agus na Príomhthosaíochtaí iomchuí?
  4. An bhfuil aon réimse nó saincheist nach bhfuil sa straitéis ar cheart a bheith inti, dar leat?
  5. Tabhair aon tuairim ghinearálta eile ar an dréacht-Ráiteas Straitéise 

 
Na Chéad Chéimeanna Eile 
 
Chun do rannpháirtíocht a éascú, chuirfimis fáilte roimh do thuairimí tríd an gceistneoir thíos a chur isteach faoi Dé hAoine, an 17 Deireadh Fómhair 2025. Chun aiseolas ár bpáirtithe leasmhara uile a bhainistiú agus a bhreithniú go héifeachtach, b'fhearr i bhfad dá bhféadfá an ceistneoir thíos a chur isteach ar líne.  Más mian leat aighneacht a dhéanamh i scríbhinn mar sin féin, iarrtar ort an fhoirm a íoslódáil ANSEO. 
Creidimid go mbeidh muid in ann straitéis níos láidre agus níos athléimní a leagan síos do na blianta atá le teacht mar thoradh ar chur chuige comhoibríoch, agus gabhaimid buíochas leat as do chuid ama agus do bhreithniú. 
 
Táimid ag tnúth le do rannpháirtíocht agus le d'ionchur luachmhar.

Ráiteas Straitéise Iascach Intíre Éireann 2026-2030 a fhorbairt

***
Tá aighneachtaí don phróiseas aiseolais seo dúnta anois.
***

Tá aighneachtaí don phróiseas aiseolais seo dúnta anois.