Ceadúnú dreidireachta oisrí, Cuan an Fhóid Dhuibh, Co Mhaigh Eo, 2027 go 2032

Fógra Poiblí

Tá Iascach Intíre Éireann ag smaoineamh ar cheadúnais a eisiúint chun limistéir áirithe de Chuan an Fhóid Dhuibh i gCo. Mhaigh Eo a dhreideáil le haghaidh oisrí idir 2027 agus 2032 agus is mian leo dul i gcomhairle leis an bpobal ina leith. 

Tar éis an comhairliúchán poiblí agus reachtúil a chríochnú, cinnfidh Iascach Intíre Éireann na ceadúnais a eisiúint le coinníollacha nó gan na ceadúnais a eisiúint. 

Féadfaidh duine aighneacht nó tuairim a dhéanamh maidir leis an gceadúnú seo laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra seo trí ríomhphost a sheoladh chuig ballina@fisheriesireland.ie nó i scríbhinn chuig an Stiúrthóir, Iascach Intíre Éireann, Teach Ard na Rie, Sráid na Mainistreach, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 KO29 roimh an 13 Samhain 2026. Is féidir teacht ar dhoiciméid a bhaineann leis an ngníomhaíocht cheadúnúcháin seo trínár suíomh gréasáin (cuir isteach URL) nó breathnú orthu in Oifigí an IFI i mBéal an Átha (Teach Ard na Rie, Sráid na Mainistreach, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 KO29) le linn uaireanta oifige. 

Blacksod Bay Oyster Licensing Natura Impact Statement
(5.29 MB)
Appropriate Assessment screening determination - Blacksod Bay
(300.1 KB)