Ceadúnú dreidireachta oisrí, Cuan Thrá Lí, Co Chiarraí, 2027 go 2032

Fógra Poiblí

Tá Iascach Intíre Éireann ag smaoineamh ar cheadúnais bhliantúla a eisiúint chun limistéir áirithe i gCuan Thrá Lí, Co. Chiarraí d'oisrí a dhreideáil idir 2027 agus 2032 agus is mian leo dul i gcomhairle leis an bpobal faoi seo. 

Tar éis an comhairliúchán poiblí agus reachtúil a chríochnú, cinnfidh IFI na ceadúnais a eisiúint le coinníollacha nó gan na ceadúnais a eisiúint. 

Féadfaidh duine aighneacht nó tuairim a dhéanamh maidir leis an gceadúnú seo laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra seo trí ríomhphost a sheoladh chuig macroom@fisheriesireland.ie nó i scríbhinn chuig an Stiúrthóir, Iascach Intíre Éireann, Teach Sunnyside, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí, P12 X602, roimh an 11 Samhain 2026.

Is féidir teacht ar dhoiciméid a bhaineann leis an ngníomhaíocht cheadúnúcháin seo trínár suíomh gréasáin (cuir isteach url) nó breathnú orthu in Oifigí IFI (Teach Sunnyside, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí, P12 X602) le linn uaireanta oifige. 

Appropriate Assessment screening determination - Tralee Bay
(316.12 KB)
Tralee Bay Oyster Licensing Nature Impact Statement
(5.76 MB)