Ullmhú Scéime Teanga d’Iascach Intíre Éireann

Fógra Poiblí

Inland Fisheries Ireland carried out a six-week public consultation process around drafting an Irish Language Scheme.  The public consultation period opened on 25th May 2022 and concluded on 6th July 2022. It was advertised in a national newspaper and on Inland Fisheries Ireland’s website.  It was also promoted through a full media press release and highlighted regularly on Inland Fisheries Ireland’s social media channels.

Leagtar amach sa tábla seo a leanas an chaoi ar tugadh faoin gcomhairliúchán spriocdhírithe:

   
Na Meáin Thraidisiúnta

Eisíodh preasráiteas an 25 Bealtaine 2022 chuig gach teagmhálaí sna meáin.

Foilsíodh fógra i mBéarla san Irish Independent (an 25 Bealtaine 2022), mar aon le leagan Gaeilge den fhógra céanna i bhforlíonadh Gaeilge (‘Seachtain’) ar an 25 Bealtaine 2022.

Rannpháirtíocht Dhíreach

Rinneadh suirbhé inmheánach foirne agus eagraíodh tuilleadh cruinnithe grúpa go hinmheánach.

Na Meáin Shóisialta

Cuireadh meabhrúcháin suas go rialta ar chuntais Iascach Intíre Éireann ar na meáin shóisialta i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí.

Fuarthas aighneacht amháin ón bpobal roimh an dáta deiridh.

Bhí na téamaí agus na tuairimí a léiríodh san aighneacht sin ag teacht leis na doiciméid treorach ón gCoimisinéir Teanga agus áiríodh leo:

  • An tairiscint ghníomhach
  • Láithreacht ar líne
  • Foilseacháin agus foirmeacha
  • Acmhainní daonna
  • Comhfhreagras agus cumarsáid leis an bpobal
  • R-phost
  • Glaonna gutháin
  • Iniúchadh sochtheangeolaíoch
  • Monatóireacht agus athbhreithniú

Toradh an chomhairliúcháin phoiblí agus an athbhreithnithe:

Tá dréacht-Scéim Teanga á hullmhú ag Iascach Intíre Éireann faoi láthair sa chaoi go mbeidh an Coimisinéir Teanga in ann athbhreithniú a dhéanamh uirthi

Is féidir breathnú ar an aighneacht a rinneadh i bhformáid PDF ar láithreán gréasáin Iascach Intíre Éireann.

Submission received in English.pdf
(1.12 MB)
Submission received as Gaeilge.pdf
(1.02 MB)

Latest Notices