Na Bearta Nua Caomhnaithe Bradán atá Beartaithe do 2026

Fógra Poiblí

Dé hAoine, an 21 Samhain 2025 cuireadh tús leis an gComhairliúchán Poiblí ar 'Na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú)' maidir le séasúr 2026.  Beidh an comhairliúchán ar siúl go ceann 30 lá go dtí an 20 Nollaig 2025.  Is féidir teacht ar shonraí faoin gcomhairliúchán poiblí ag an nasc seo a leanas ar láithreán gréasáin Gov.ie: Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2025 agus Bearta Caomhnaithe do Shéasúr 2026 agus táthar ag iarraidh ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl.  Ní mór aighneachtaí a chur chuig an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ar na bealaí atá leagtha amach.

Leagtar amach an méid seo a leanas sa Chomhairliúchán Poiblí:

  1. Dréacht - Na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2025', ina leagtar síos na bearta caomhnaithe atá beartaithe do shéasúr 2026.
  2. Nóta faisnéise ina leagtar amach na hathruithe atá beartaithe do shéasúr 2026 agus na cúiseanna leis na hathruithe sin

Áirítear sna dréacht-rialacháin leasaithe sin na cuótaí agus na roghanna athbhreithnithe gabhála a bhaineann leis na haibhneacha ar leith do shéasúr 2026. Tá na Bearta Caomhnaithe Bradán atá beartaithe do shéasúr 2026 ar na hathruithe is suntasaí atá le cur i bhfeidhm ó bhí 2006 ann agus moltar duit eolas a chur orthu.

Comhairliúchán poiblí

Na Rialacháin um Scéim Chlibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), 2025 agus Bearta Caomhnaithe do Shéasúr 2026

Achoimre ar na bearta caomhnaithe nua atá beartaithe do shéasúr 2026:

  1. Laghdú ar an ngabháil cheadaithe bradán ó 10 n-iasc go 3 iasc in aghaidh an iascaire sa séasúr - ní cheadófar a leithéid d'iascaireacht ach le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa.
     
  2. Aibhneacha a bhfuil rogha bainte éisc i gceist leo le hoscailt mar seo a leanas:
    1. Ceadófar an iascaireacht 'Gabháil agus Scaoileadh Amháin' ón 1 Eanáir – 31 Bealtaine ar mhaithe le hÉisc Earraigh a chaomhnú (i.e. éisc atá tar éis 2 gheimhreadh agus roinnt geimhrí a chaitheamh ar muir),
    2. Ceadófar baint iasc ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa (faoi réir na gabhála ceadaithe iascaireachta 3 iasc ar a mhéad in aghaidh an duine sa tréimhse seo - tar éis an ghabháil cheadaithe a shárú, ní mór d'iascairí cloí leis an iascaireacht Gabhála agus Scaoilte)
    3. Ceadófar an iascaireacht 'Gabháil agus Scaoileadh Amháin' ón 1 Meán Fómhair go dtí deireadh an tséasúir.
       
  3. Tá na tairseacha Gabhála agus Scaoilte ag teacht le Comhairle Eolaíoch – ní mór d’aibhneacha ar a laghad 65% den Teorainn Chaomhnaithe nó 17 ngealóg in aghaidh gach 5 nóiméad d’Iascaireacht Leictreach ar fud an Dobharcheantair a shásamh le bheith incháilithe don iascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh amháin’.
     
  4. Séasúr athbhreithnithe iascaireachta tráchtála ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil ar mhaithe le hÉisc Earraigh a chaomhnú.

Latest Notices

state fishing rights
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí