2024 An Próiseas Tairisceana ar Iascaigh Stáit

Fógra Poiblí

Is éard is iascach ann ná limistéar ina mbeirtear ar éisc chun críocha tráchtála nó áineasa. I gcás fionnuisce, is féidir an téarma ‘iascach’ a úsáid le cur síos a dhéanamh ar rud chomh beag le cuid d’abhainn nó ar rud chomh mór le loch nó córas iomlán aibhneacha, agus gach loch agus sruth laistigh den dobharcheantar san áireamh. An áit a bhfuil iascach fionnuisce, tá ceart iascaireachta ann, agus is ag Iascach Intíre Éireann atá na cearta iascaireachta le haghaidh raon leathan de na hiascaigh sin in Éirinn; ó locha beaga áille go stráicí fada abhann agus gach rud idir eatarthu.

Na cearta iascaireachta sin atá faoi úinéireacht an Stáit, cuirtear ar fáil faoi cheadúnas gach bliain iad do chlubanna slatiascaireachta ar spéis leo iad agus is iondúil go mbíonn comhaontuithe ceadúnais ag Iascach Intíre Éireann le breis agus 50 club iascaireachta, rud lena gceadaítear dóibh dul ag iascaireacht ar níos mó ná 90 iascach a bhfuil na cearta ina leith faoi úinéireacht an Stáit.

Tá próiseas tairisceana 2024 le haghaidh Iascaigh Stáit Iascach Intíre Éireann ar oscailt anois. Mar sin, más mian le do chlub tairiscint a dhéanamh ar iascach amháin nó ar roinnt iascach, íoslódáil an Fhoirm Thairisceana thíos agus seol ar ais chugainn í ag an seoladh thíosluaite. De rogha air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne.

Tá an fhoirm thairisceana ar líne le haghaidh Iascaigh Stáit Iascach Intíre Éireann do 2024 ar fáil ag an nasc seo.

2024 State Fisheries Tender Application Form
(169.62 KB)

Beifear ag glacadh le tairiscintí go dtí an 19 Eanáir 2024. Glacfar le cruthúnas gur cuireadh an tairiscint sa phost ar an dáta sin nó roimhe.

Bíodh IARRATAS TAIRISCEANA luaite ar an gclúdach litreach agus seol chuig an seoladh seo a leanas é:

Paul O’Reilly,
Forbairt Gnó,
Iascach Intíre Éireann,
3044 Céide an Locha,
Iarthar na Cathrach,
Baile Átha Cliath 24.

Má tá spéis ag do chlub i gceadúnas níos fadtéarmaí, comhlánaigh an chuid ábhartha den fhoirm agus beimid i dteagmháil leat. Iarrtar ort an táille cheadúnais ‘in aghaidh na bliana’ a íoc mar sin féin.

Má bhíonn aon cheist agat maidir le hIascaigh Stáit nó le próiseas tairisceana 2024, déan teagmháil le Paul O’Reilly ag paul.oreilly@fisheriesireland.ie.

Latest Notices