Tionscadal le grean na Muaidhe a athlíonadh, Sligeach

Tá sé beartaithe grean scéachtana a chur in dhá áit san Abhainn, 320 m ar fad, chun an ghnáthóg scéachtana a fheabhsú ar mhaithe le salmainidí in Abhainn Eathar.

Public Consultation
Tuesday, 28/03/2023 - 5:00pm

This public consultation opens on Tuesday, 28/03/2023 at 5:00pm and closes on Monday, 08/05/2023 at 5:00pm

Suíomh an tionscadail: In Abhainn Eathar i gCo. Shligigh.

Baile fearainn agus Contae: Seiseadh Mhic Giolla Laoire, Co. Shligigh

Tá measúnú déanta ag Iascach Intíre Éireann ar an tionscadal seo agus táthar tagtha ar an gconclúid gur dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an tionscadal ar Láithreán Eorpach nó ar Láithreáin Eorpacha i gcás nach mbeadh aon bheart maolaithe ann. Tá cinneadh déanta ag Iascach Intíre Éireann go bhfuil Measúnacht Chuí ag teastáil don tionscadal seo.

Láithreáin Natura 2000 dá ndéanfar difearLCS na Muaidhe (002298)

I gcomhréir le halt 42 de Rialacháin an Aontas Eorpaigh (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011, arna leasú, éilítear ar Iascach Intíre Éireann comhairliúchán poiblí a dhéanamh ar an tionscadal seo sula ndéanfar cinneadh faoinar féidir an tionscadal a cheadú nó nach féidir.

Féadfaidh duine aighneacht a chur faoi bhráid Iascach Intíre Éireann maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tionscadal ar Láithreáin Eorpacha taobh istigh de 42 lá ón dáta ar an bhfógra seo ar cheann de na bealaí seo

Tríd an bpost chuigBainisteoir Dhobharcheantar na Muaidhe, Iascach Intíre Éireann, Teach Ard na Ria, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo

Nó mar ríomhphost chuig : moyfishery@fisheriesireland.ie

Ba chóir a lua go soiléir in aon aighneachtaí go bhfuil siad á ndéanamh mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí seo.

 

Natura impact statement moy catchment gravel replenishment
(8.97 MB)

nó Is féidir féachaint air in Iascach Intíre Éireann, Teach Ard na Ria, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo

Tá an Ráiteas Tionchair Natura le ceannach ar chostas €50 ón oifig thuasluaite.

Tá Iascach Intíre Éireann faoi réir na bhforálacha san Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus, mar sin, ní foláir dó aon achainí a dhéantar de réir an Achta sin a mheas. Tabharfaidh Iascach Intíre Éireann comhairle mar seo a leanas: ‘Má mheasann tú go mbeadh aon chuid de d’aighneacht faoi réir aon cheann de na heisiaimh reachtúla faoin Acht, iarrtar ort an méid sin a chur in iúl san aighneacht agus an díolúine a shonrú faoinar chóir an t-ábhar a eisiamh dar leat’

Tá Iascach Intíre Éireann tiomanta faoin gceart chun príobháideachta atá agat faoin reachtaíocht cosanta sonraí a chosaint agus a aithint. Déanfaidh Iascach Intíre Éireann d’fhaisnéis phearsanta a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 – 2018, agus le Rialachán 2016/679 ón Aontas Eorpach, is é sin “An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí” (RGCS). Pléifear le haon fhaisnéis a thabharfar d’Iascach Intíre Éireann ar na caighdeáin slándála agus rúndachta is déine agus i gcomhréir leis an reachtaíocht um an gcosaint sonraí.

Data Protection Policy
(774.08 KB)

Foilseofar ainm freagróirí agus a n-aighneachtaí ar láithreán gréasáin Iascach Intíre Éireann nuair a bheidh gach próiseas comhairliúcháin thart. Maidir le haon fhaisnéis bhreise a bhaineann le duine a aithnítear nó duine in-sainaitheanta (‘Sonraí pearsanta’ mar atá sainmhínithe in alt 4 den RGCS), déanfar an fhaisnéis sin a fholú sula bhfoilseofar na sonraí ar láithreán gréasáin Iascach Intíre Éireann.