Séasúr Iascaireachta Tráchtála Lín Tarraingthe Bradán Inbhear Luacharois (Abhainn Fhia/Abhainn tSocair), 2023

Public Consultation
Wednesday, 08/02/2023 - 5:00pm

This public consultation opens on Wednesday, 08/02/2023 at 5:00pm and closes on Thursday, 09/03/2023 at 5:00pm

Tá aighneachtaí á lorg ag Iascach Intíre Éireann maidir le togra le srian a chur leis an séasúr iascaireachta tráchtála lín tarraingthe bradán ar Inbhear Luacharois, Co. Dhún na nGall in 2023 le nach gceadófaí iascaireacht ach idir an 1 Iúil agus an 21 Iúil amháin.

Léiriú iad na hathruithe atá beartaithe ar cé chomh teoranta is atá an cuóta foriomlán bradán don bhliain 2023 agus ar líon na líonta tarraingthe tráchtála atá ar fáil. Is é 283 bradán an barrachas foriomlán atá curtha in iúl don bhliain 2023, líon a bheidh le roinnt idir an earnáil iascaireachta tráchtála lín tarraingthe agus an earnáil slatiascaireachta áineasa.

Is gnách go n-osclaítear an séasúr iascaireachta tráchtála lín tarraingthe ar an 12 Bealtaine agus go ndúntar ar an 31 Iúil é.

Is féidir le haon duine ar mian leis tuairimí a thabhairt faoin rialachán beartaithe aighneachtaí a dhéanamh roimh 5 i.n., de Déardaoin, 9ú Márta tríd an ríomhphost chuig ballyshannon@fisheriesireland.ie nó tríd an bpost chuig an seoladh thíos:-

Comhairliúchán Poiblí maidir le Séasúr Iascaireachta Tráchtála Lín Tarraingthe Bradán Inbhear Luacharois, 2023, Iascach Intíre Éireann, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall, F94 WV76