IARRATAS AR AIGHNEACHTAÍ ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 - DRÉACHTSCÉIM A ULLMHÚ LE Iascach Intíre Éireann.
This public consultation opens on Wednesday, 25/05/2022 at 8:00am and closes on Wednesday, 06/07/2022 at 4:00pm
Tá sé beartaithe ag Iascach Intíre Éireann scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Iascach Intíre Éireann anois ó aon pháirtithe leasmhara.
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig: gaeilge@fisheriesireland.ie.
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí scéim na Gaeilge
Iascach Intíre Éireann
3044 CÉIDE AN LOCHA
CITYWEST BUSINESS CAMPUS
BAILE ÁTHA CLIATH 24
D24 CK66
Faisnéis maidir leis an sainordú agus an ról / seirbhísí a
chuireann Iascaigh Intíre Éireann ar fáil don phobal ar fáil
Is é an dáta is déanaí chun d’aighneachtaí a fháil ar
Dé Céadaoin, an 6 Iúil 2022.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- Cuirfear gach duine a bheidh ag glacadh páirt i gcomhairliúchán IIÉ ar an eolas faoin doiciméad deiridh a thiocfaidh as an bpróiseas comhairliúcháin.
- Foilseofar ainmneacha na bhfreagróirí agus a n-aighneachtaí ar líonra gréasáin IIÉ ag deireadh gach próisis comhairliúcháin (i.e. nuair a fhoilseofar an doiciméad a thiocfaidh as an gcomhairliúchán). Déanfar faisnéis bhreise ar bith a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (‘Sonraí pearsanta’ mar a shainítear in Airteagal 4 den RGCS) a fholú sula bhfoilseofar í ar shuíomh gréasáin IIÉ.
- Tá IIÉ faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus mar sin ní mór dó aon iarratas a chuirfear faoina bhráid faoin Acht sin a bhreithniú. Soláthróidh IIÉ comhairle mar seo a leanas: ‘Má mheasann tú go mbeadh aon chuid de d’aighneacht faoi réir aon cheann de na heisiaimh reachtúla faoin Acht sin, cuir é sin in iúl i d’aighneacht, agus sonraigh cé acu díolúine a gceapann tú gur cheart an t-ábhar a fhágáil amach aisti’.
- Bailítear, próiseáiltear agus coinnítear na sonraí pearsanta go léir a fhéadfaidh Iascach Intíre Éireann (IIÉ) a úsáid de réir fhorálacha Rialachán AE 2016/679 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018