RIALACHÁIN UM AN SCÉIME CHLIBEÁLA BRADÁN FIÁIN AGUS BREAC GEAL (LEASÚ), 2022

Fógra Poiblí

Tugann Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra reachtúil go bhfuil sé i gceist aige na Rialacháin um an Scéim Chlibeála Bradán Fiáin agus Breac Geal (Leasú), 2022 a dhéanamh, chun foráil a dhéanamh le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal fiáin ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2023.

Tá cóip de na dréachtrialacháin ar oscailt le haghaidh iniúchadh poiblí ag oifigí na Roinne sa Chabhán. Tá na dréachtrialacháin ar fáil lena n-íoslódáil freisin ag www.gov.ie/ga/comhairliuchain/

Más mian leat tuairimí ar na dréachtrialacháin nó agóidí ina gcoinne a chur isteach, is féidir leat  iad a sheoladh chugainn tríd an ríomhphost nó sa phost. Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 9ú Nollaig 2022.

IFDPublicConsultations@decc.gov.ie

Rannóg an Iascaigh Intíre, 

An Roinn Comhshaoil, 

Aeráide agus Cumarsáide, 

Teach Leamháin, 

Bóthar Ghleann an Iarla, 

Baile an Chabháin, 

H12 A8H7

Éire.

Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha. Foilseofar gach aighneacht bhailí a gheofar ar an suíomh gréasáin Gov.ie.

Angling rods and keep net

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí