Iascach Intíre Éireann chun ceantair iascaigh bradán na Muaidhe agus na Gaillimhe a dhúnadh

Fógra Poiblí
Moy fishery

Tá Iascach Intíre Éireann ag cur na slatiascaireachta bradán ar fionraí ag Iascach na Muaidhe i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo agus ag Iascach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe de dheasca na haimsire tirime.

Is féidir le slatiascairí a bhfuil áirithintí acu ar Iascach na Muaidhe sna laethanta amach romhainn teagmháil a dhéanamh le 096 21332 nó moyfishery@fisheriesireland.ie le tuilleadh eolais a fháil. Is féidir leo siúd a bhfuil áirithintí acu ar Iascach na Gaillimhe teagmháil a dhéanamh le 091 562388 nó matt.varley@fisheriesireland.ie.

Sáraíodh an tairseach 20°C sa dá áit ar roinnt laethanta de dheasca na haimsire te, tirime le déanaí.

Tá monatóireacht á déanamh faoi láthair ar na ceantair iascaigh eile atá faoi úinéireacht an Stáit. Dúnfar iad sin freisin má bhaintear amach an tairseach chuí ag a gcaithfear scor den slatiascaireacht.

Nuair a thiocfaidh an t‑am, foilseofar sonraí faoi athoscailt an dá cheantar iascaigh ar láithreán gréasáin Iascach Intíre Éireann ag fisheriesireland.ie agus ar ár gcuntais ar Twitter, LinkedIn, Facebook agus Instagram.

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí