Iascach Intíre Éireann chun ceantair iascaigh bradán na Muaidhe agus na Gaillimhe a oscailt arís

Fógra Poiblí

Tá Iascach Intíre Éireann chun ceantar iascaigh na Muaidhe i gContae Mhaigh Eo agus ceantar iascaigh na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe a oscailt arís inniu.

Dúnadh an dá cheantar iascaigh i gcomhair slatiascaireachta 10 lá ó shin de dheasca teochtaí ardaithe uisce.

Osclaíodh Ceantar Iascaigh na Gaillimhe i gcomhair slatiascaireachta ag 2 p.m. inniu, agus osclófar Ceantar Iascaigh na Muaidhe i gcomhair slatiascaireachta ar maidin amárach, an 20 Meitheamh.

Beidh lucht bainistíochta an dá cheantar iascaigh i dteagmháil le gach iascaire a bhfuil áirithintí deimhnithe acu sna laethanta amach romhainn.

Aisíocfar in am trátha na hiascairí siúd ar cuireadh a n-áirithintí ar ceal de dheasca na dteochtaí ardaithe.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ceantar Iascaigh na Muaidhe ar an bhfón ar 096 21332 nó tríd an ríomhphost ag moyfishery@fisheriesireland.ie

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ceantar Iascaigh na Gaillimhe ar an bhfón ar 091 562388 nó tríd an ríomhphost ag matt.varley@fisheriesireland.ie

Tá seans ann go mbeidh ar Iascach Intíre Éireann an dá cheantar iascaigh agus ceantair iascaigh eile atá faoi úinéireacht an stáit a dhúnadh má ardaíonn na teochtaí uisce chomh mór sin an samhradh seo go meastar iad a bheith neamhshábháilte.

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí