Cora Áth an Choite Sainchomhairleoirí le dul i mbun measúnuithe teicniúla

Fógra Poiblí

Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch, ceapadh O’Connor Sutton Cronin (OCSC) mar na hinnealtóirí comhairliúcháin le tabhairt faoi raon measúnuithe teicniúla agus le tuarascáil roghanna a chur i dtoll a chéile maidir le hoibreacha feabhsúcháin ar an bpasáiste iasc ag Cora Áth an Choite i Luimneach.  Cuirfear sa mheá sa tuarascáil roghanna sin gach cúinse timpeallachta agus innealtóireachta atá ann ar an láithreán. Tá roinnt measúnuithe déanta ag OCSC le cúpla mí anuas, ag féachaint leis an tuarascáil roghanna a ullmhú go luath in 2024. Beidh an tuarascáil roghanna bunaithe ar roinnt suirbhéanna timpeallachta agus teicniúla, ina n-úsáidfear maitrís chinnidh, chomh maith le maitrís chinnidh páirtithe leasmhara. Cuirfear an tuarascáil roghanna os comhair an phobail le go bhféadfaidh na páirtithe leasmhara go léir í a bhreithniú d’fhonn togra a thabhairt ar aghaidh le haghaidh cead pleanála. 

Sula dtabharfaí faoi aon bhuanoibreacha, bhí sé i gceist ag Iascach Intíre Éireann oibreacha sealadacha a dhéanamh le linn an tsamhraidh leis an bpasáiste a fheabhsú d’eascanna agus do loimprí.  Bíodh sin mar atá, chuir leibhéil arda uisce bac ar na hiarrachtaí leis na bearta sin a shuiteáil – tá na leibhéil uisce ró-ard ó fuair Iascach Intíre Éireann na hábhair. Tá na hoibreacha sealadacha atá beartaithe ag teacht le comhairle a fuarthas ó speisialtóirí laistigh de rannán taighde Iascach Intíre Éireann, a thug le fios go gcabhródh mataí guaire agus tíleanna loimprí le heascanna agus loimprí a mbealach a dhéanamh tríd an gcora. Tá sé beartaithe ag Iascach Intíre Éireann na bearta sin a shuiteáil a luaithe a bheidh an t-uisce íseal go leor leis an gcora a rochtain go slán sábháilte agus na hábhair a shuiteáil.  

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí